Cathanna Ridgeway agus Fort Erie Comórtha…..Agamsa

 

 

Cad é an rud is tábhachtaí faoin 2 Meitheamh, 1866 i gcomhthéacs stair na hÉireann? Troideadh dhá chath bhuacacha i ndiaidh a chéile ar an lá sin. B’ionann iad agus Cath Ridgeway (an chéad cheann) agus Cath Fort Erie (an dara ceann), agus ba iad príomhimeachtaí Ionradh na bhFíníní ar Cheanada. Ní hamháin sin, ach ba iad an t-aon dá bhua a bhí ag náisiúnaithe/poblachtaigh na hÉireann, agus iad ag iarraidh saoirse a dtíre a bhaint amach, idir na blianta 1798 agus 1919.

Iarshaighdiúirí Éireannacha agus Gael-Mheiriceánacha, a fuair taithí mhíleata i gCogadh Cathartha na Stát Aontaithe, den chuid ba mhó a bhí freagrach as an ionradh. Cinnte, níor cheap mé go raibh sé i gceist ag rialtas na hÉireann comóradh oifigiúil a dhéanamh ar cheachtar acu, agus bhí an ceart agam (mar is gnáth). Is féidir linn a bheith lánchinnte faoi dhá rud:

  • Tharla na cathanna in Ontario, ar áit taobh amuigh d’Éirinn í. Is ann dá leithéid d’áit, de réir dealraimh.
  • Tá dearmadta déanta ag formhór mhuintir na hÉireann ar an dá chath.

Ach cén fáth go ndearnadh dearmad orthu an chéad lá riamh? Tharlódh gurbh é an phríomhchúis leis sin ná nár troideadh na cathanna in Éirinn féin. Más fíor don mhéid sin, níl comhchuimhne steiréitipiciúil na nÉireannach leath chomh fada is a cheaptar de ghnáth. B’fhéidir go raibh na hÉireannaigh in Éirinn go hiomlán aineolach faoi chúrsaí i Meiriceá Thuaidh, ach i ndáiríre, is deacair dom é sin a chreidiúint, fiú mura raibh na meáin shóisialta thar mholadh beirte san am sin.

Níorbh fholáir nó go raibh cuid acu ar an eolas faoina raibh ag titim amach, mar ba bheag teaghlach sa tír nach raibh ball amháin de ar a laghad lonnaithe san áit sin sa 19ú haois. ba iad an dá ghluaiseacht náisiúnach Éireannach ba mhó agus ba cháiliúla a bhí ar an bhfód sna 1860í ná:

  • Bráithreachas na bhFíníní: grúpa a bunaíodh sna Stáit Aontaithe, a bhí lonnaithe san áit sin, agus a raibh an taithí mhíleata thuasluaite ag roinnt mhaith dá chuid ball.
  • Bráithreachas Phoblacht na hÉireann: dream a bunaíodh in Éirinn agus a mhaígh go ndearna a chuid ball insíothlú forleathan isteach in Arm na Breataine Móire. Dá mba rud é gurbh fhíor don mhéid sin, ní bheadh gá leis an alt seo.

Rud amháin nach féidir é a shéanadh ná gur chabhraigh an dá ghrúpa sin (chomh maith go leor gluaiseachtaí eile dá leithéid) lucht Éirí Amach na Cásca a spreagadh. Ba chóir go mbeadh gnáthmhuintir na hÉireann ar an eolas faoi sin, nár chóir? Cinnte, mar cuireadh ar an eolas iad le linn clár faisnéise a craoladh ar RTÉ 1 níos luaithe sa bhliain. Rinne Liam Neeson féin tráchtaireacht an chláir, in ainm Chroim.

Ní gá dom a rá go raibh stairaithe áirithe ar an eolas faoi sin cheana féin. Cuimhnímis, áfach, gur slua aisteach iad na staraithe sin, mar cuireann siad suim i scéal na nÉireannach taobh amuigh d’Éirinn (ó am go chéile) dream nach fíor-Éireannaigh iad, ar ndóigh…..ach amháin nuair a bhímid sa tóir ar a gcuid airgid turasóireachta. Is fíor, gan amhras, gurb í Éire ceartlár na cruinne, in ainneoin:

  • Gurb í an ceann is lú den dá oileán inár gcúinne beag féin d’iarthuaisceart na hEorpa.
  • Nár bhain tábhacht ar bith léi ó thréig formhór a cuid áitritheoirí an teanga dhúchais (mura bhfuil reachtaíocht um chosaint sonraí le cur san áireamh).
  • A bhfuil á rá ag eolaithe leis na mílte bliain anuas.
  • Na fianaise doshéanta ar fad gurb ann d’eachtrannaigh agus do thíortha iasachta, déanta na fírinne.

Tá trí rogha againn, mar sin:

  1. Má tá comóradh le déanamh ar Éirí Amach na Cásca, comóirtear gníomhartha na bhFíníní i gCeanada chomh maith.
  2. Má tá dearmad le déanamh ar cheann amháin, déantar dearmad ar an gceann freisin, ar mhaithe le cúrsaí loighce, murab ionann agus rud ar bith eile. Nuair a bheidh sé sin déanta, cuirtear cosc iomlán ar léann na staire chomh maith.
  3. Is féidir comórtas a eagrú inar féidir duais a bhronnadh ar an gcéad duine a thabharfaidh buille faoi thuairim faoi cé acu den dá phointe thuas a bhí in ainm is a bheith íorónta.

Ionradh ar Cheanada a bhí in ionsaithe na bhFíníní i ndeireadh na dála. Cad a bheadh le rá ag Kevin Vickers, ar tírghráthóir Ceanadach é, agus arb é ambasadóir reatha a náisiúin sin chun Phoblacht na hÉireann chomh maith, faoi shearmanas dá leithéid? Bímis ag súil nár dhóigh leis gur mhasla a bheadh ann. Is cuimhin linn ar fad an tslí inar phléigh sé le hagóideoir áirithe tamall ó shin…….

Ar an lámh eile, b’fhéidir go mbeadh sé sásta páirt oifigiúil a ghlacadh i gcomóradh don ionradh. Cuimhnítear gur thréimhse bharrthábhachtach é do Cheanada mar náisiún, mar ba é sin an chéad uair riamh a ndearna na daoine áitiúla cosaint ar a bhfód dúchais gan cúnamh a lorg ón mBreatain Mhór (ar dtús).

Maidir leis na hÉireannaigh, nach aisteach an rud é go ndéanann siad comóradh ar na huaireanta ar cuireadh an ruaig orthu (in Éirinn agus thar lear) go han-mhinic, ach gur gnách go gcoimeádann siad ina dtost faoi na huaireanta a raibh an bua acu (in Éirinn agus thar lear)? Is mó de lochtú ná de cheist ráiteasach é sin, bíodh a fhios agaibh.

English version

 

 

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Irish Speakers at War

css.php